Clíona Ní Ghallachóir ag Oireachtas na Samhna 2018


Bhí Meon Eile i lár an aonaigh ag Oireachtas na Samhna arís i mbliana agus na sluaite bailithe i gCill Airne.

Is é an tOireachtas an fhéile is mó sa bhliain do na Gaeil, féile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, traidisiún agus teanga na tíre trí chomórtas agus spraoi.

Bhí an deis againn arís i mbliana cuid d'iomaitheoirí na gcomórtas a leanúint agus iad ag glacadh páirte.

Lean muid turas iomaitheora amháin as cúige Uladh, Clíona Ní Ghallachóir as Mín an Chládaigh i nDún na nGall.

Bhí sí ag glacadh páirte don dara bliain as a chéile sa chomórtas amhránaíochta ar an sean-nós do mhná faoi 35 agus seo mar a d'éirigh léi...

Close
Close