Turas Chaoimhe Ní Chathail ag Oireachtas na Samhna 2017

Inné bhí físeán againn de bhuaicphointí Oireachtas na Samhna 2017, agus tá muid ag leanúint leis an téama céanna inniu.

Is é an tOireachtas an fhéile is mó sa bhliain do na Gaeil, féile a dhéanann ceiliúradh ar chultúr, traidisiún agus teanga na tíre trí chomórtas agus spraoi.

Inniu tá muid ag díriú isteach ar iomaitheoir amháin de bhunadh Chúige Uladh, mar atá Caoimhe Ní Chathail as Bhéal Feirste.

Tá Caoimhe ina ball den ghrúpa ceoil Ériu, agus is amhránaí galánta binn í.  

Seo an chéad uair riamh dithe páirt a ghlacadh sna comórtais ag Oireachtas na Samhna - comórtas amhranaíochta na mban faoi 35 agus comórtas amhránaíochta nach sean-nós é.

ach cad é mar a d'éirigh léi i mbliana?

Féach ar an fhíseán go bhfeice sibh...


Close
Close