Tua á tarraingt ar mhaoiniú na n-irisí Gaeilge

Ní bheidh aon dul siar ar chóras úr maoinithe na n-irisí Gaeilge, a deir Foras na Gaeilge, in ainneoin litir dlíodóra bheith seolta chucu faoin phróiseas.

Tugadh an méid sin le fios ag seoladh an taispeántais ‘Súil Charad’ i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh.

In ionad an airgid a bhí á chur ar fáil do réimse irisí go dtí seo, ní bheidh ach maoiniú ón Fhoras ann le haghaidh dhá iris as seo amach.

Ceann amháin acu, is iris stíl mhaireachtála ar líne atá i gceist. Tuigtear go bhfuil an iris NÓS ina measc siúd atá ag cur isteach ar an chonradh seo, ar fiú €80,000 sa bhliain é, ach gur tharraing an iris Beo amach as.

An conradh eile, baineann sé le hiris chlóite a dhíreoidh ar chúrsaí reatha agus litríocht. Tiocfaidh deireadh le conradh reatha Comhar san Fhómhar agus osclófar go poiblí é ina dhiaidh sin.

Deir Conradh na Gaeilge gur iarr siad maoiniú ar Fhoras na Gaeilge do na hirisí Feasta agus An tUltach níos túisce i mbliana mar chuid dá n-iarratas ar an tSamhail Nua Maoinithe. Dar leo nár tugadh freagra iomlán ar an cheist sin fós.

Ultach
Close
Close