‘Ceol na nGael’ ag SSMR

Cuireadh coirm cheoil ar leith dar teideal ‘Ceol na nGael’ ar siúl mar chuid de Scoil Samhraidh Mhic Reachtain i mBéal Feirste ar na mallaibh.

Is i gcomhar le Scoil Samhraidh Cheoil Thraidisúnta Bhéal Feirste a reáchtáladh an ócáid i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain, agus díoladh amach go gasta é.

Bhí cuid de na ceoltóirí is fearr sa tír bailithe le chéile ag Barr a’ Tí san ionad. Ina measc bhí Muireann Nic Amhlaoibh as Contae Chiarraí, Cathal Ó Curráin as Gaoth Dobhair, Lorraine Ní Bhriain as Contae an Chláir, David Power as Port Láirge, agus John Doyle as Baile Átha Cliath, mar aon le Finn Moore as Albain.

Bhí deis ag Meon Eile labhairt le Cathal Ó Curráin sula ndeachaigh sé ar an stáitse chomh maith le hEdel Ní Churraoin a oibríonn le Tradfest Bhéal Feirste.

Close
Close