Thosaigh Tradfest i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2006 mar fhéile nideoige le ceiliúradh a dhéanamh ar cheol traidisiúnta agus ceol tíre. Anois tá sé ar na féilte is mó i saol an cheoil thraidisiúnta agus ardán á thabhairt aige gach Eanáir do cheoltóirí as Éirinn agus as áiteanna níos faide i gcéin.
Ag an am seo den bhliain, ní feidir leat siúl thart ar an phríomhchathair gan ceol traidisiúnta a chluinstin agus, ar a bharr sin, cuireann Tradfest ceolchoirmeacha ar leith ar stáitse i gcuid de na hionaid is stairiúla i mBaile Átha Cliath, Príosún Chill Mhaighneann, Halla na Cathrach agus seaneaglaisí ina measc.
Chaith Meon Eile cúpla lá ann le blaisín a fháil den cheol agus craic. Labhair muid le Clíodhna Ní Chorráin agus Seaghan Mac An tSionnaigh a thug cur síos ar an am a chaith siad ag an fhéile i mbliana agus le Diane Ní Chanáin a chan ag an deireadh seachtaine.
Chas muid leis na hamhránaithe Sibéal agus Aoife Scott chomh maith, agus foilseofar an dá fhíseán sin go luath.
Tá tuilleadh eolais faoi Tradfest anseo.