'The Wheelchair Monologues' le Gearóid Ó Cairealláin

'The Wheelchair Monologues' le Gearóid Ó Cairealláin

Is gníomhaí teanga, scríbhneoir agus stiúrthóir aitheanta é Gearóid Ó Cairealláin. Nuair a bhuail stróc é in 2006, athraíodh a shaol go huile is go hiomlán. Ar an gcéad dul síos, dúradh go raibh sé marbh, rud a fógraíodh ar Raidió na Gaeltachta ag an am. D’ainneoin sin, d’éirigh leis teacht tríd, agus seachas ligint don tragóid seo an lámh in uachtar a fháil air, shocraigh sé dráma a chruthú as.

Seo blaisín beag den dráma a thaifead Meon Eile ag Féile Pick N Mix sa Mac agus é i mbun forbartha an samhradh seo caite.

The Wheelchair Monologues

The Wheelchair Monologues bunaithe ar dhialann Ghearóid ón tréimhse sin, agus cé gur ábhar tromchúiseach atá faoi chaibidil, tá dóchas agus féith an ghrinn le feiceáil go láidir. Dar le Bríd Ó Gallchóir, stiúrthóir an dráma agus bean chéile an scríbhneora, “Tá gach rud ann, tá deora, tá neart grinn, agus tá inspioráid ann”.

Beidh an léiriúchán ar stáitse anocht, 7 Márta, agus amárach 8 Márta ag 20.00 i gCultúrlann McAdam Ó Fiach, Béal Feirste, agus beidh plé díreach ina dhiaidh leis an stiúrthóir agus an scríbhneoir / aisteoir.

Close
Close