Teach Taibhsí i bPáirc na bhFál

Gach bliain eagraíonn Féile an Phobail réimse imeachtaí do dheireadh mhí Dheireadh Fómhair mar chuid d'Fhéile na Shamhna. Tá níos mó imeachtaí ann i mbliana ná riamh. Chomh maith le paráid Oíche Shamhna agus taispeántas tinte ealaíne, tá Teach Taibhsí déanta acu den phailliún babhlála i bPáirc na bhFál. 

Téann daoine trí lúbra de 8 seomra, gach ceann acu lán gúl agus rudaí scanrúla. Tá aisteoir amháin nó níos mó i ngach seomra chomh maith agus iad i bhfolach, ag fanacht chun scanradh a chur ar na daoine.

Bhuail Meon Eile le Dáire Mac Meanman ó Fhéile an Phobail a labhair faoin Teach Taibhsí agus faoin dóigh a bhfuil Féile na Samhna ag fás gach bliain. Labhair muid fosta le beirt de na haisteoirí, Erin agus Eiméar a bhí ag baint taitnimh as na cuairteoirí a scanrú! 

Tá deireadh le cuairteanna ar an teach anois ach beidh sé ar ais an bhliain seo chugainn. Beidh paráid na Samhna ag tarlú oíche amárach agus fágfaidh sé Sportlann na hÉireann ag 7in agus ar aghaidh suas chuig Pháirc na bhFál don taispeántas tinte ealaíne.

Tá tuilleadh eolais ar fáil anseo.

Close
Close