Taispeántas Ealaíne: 'Uaigní mé ná an Chailleach Bhéara'


Tá an taispeántas ealaíne 'Uaigní mé ná an Chailleach Bhéara' le hEimear Nic Roibeard in airde i ndánlann na mBallaí Bána i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich.

Is as Béal Feirste d'Eimear agus beidh sí ag dul isteach sa bhliain dheireanach den chéim mionealaíne in Ollscoil Uladh i mbliana. Tá a stíl teibí agus mothúchánach. Is ó na mná a bhí i Neachtlanna Mhaigdiléana agus mná sa mhiotaseolaíocht Éireannach is mó a thagann inspioráid s'aici. Tá sé mar aidhm ag Eimear guth a thabhairt do mhná a bhí faoi chois sa stair agus atá go fóill.

Beidh an taispeántas le feiceáil sa Chultúrlann go dtí an 27 Iúil.

Bhuail Meon Eile isteach chuig an taispeántas chun labhairt leis an ealaíontóir...

Close
Close