Taispeántas Ealaíne le Siobhán O’Callaghan

Tá an saothar is déanaí de chuid Siobhán O’Callaghan, Cumainn, dírithe ar an CLG agus ar na caidrimh a chruthaítear laistigh de. Dfhás Siobhán í féin aníos sa phobal CLG, cé nach n-imríonn sí féin, mar sin is taispeántas ó chroí an ealaíontóra é an taispeántas seo

Tugann a saothar, atá comhdhéanta den chuid is mó de phictiúir ola, léargas ar nóiméad ama ina bhfuil daoine ag ceiliúradh nó ag tógáil nasc lena chéile; cé go bhfuil an chuid is mó de na haghaidheanna as fócas nó asfráma go hiomlán ionas gur féidir leis an lucht féachana iad féin a shamhlú i ngach ceann de na cásanna atá ar taispeáint.

Thug Meon Eile cuairt ar an taispeántas nuair a bhí sé ar na Ballaí Bána i gCultúrlann McAdam Ó Fiach agus labhair muid le Siobhán, airt go bhfuil súil aici go dtabharfaidh an taispeántas seo daoine ón pháirc go dtí an gailearaí.

 Tá tuilleadh eolais ar shaothar Shiobhán le fáil anseo

Close
Close