Taispeántas ealaíne bliantúil dhaltaí Choláiste Feirste

Thuirling na sluaite ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich le déanaí fá choinne sheoladh thaispeántas ealaíne dhaltaí Choláiste Feirste. Bhailigh clann agus cairde na ndaltaí le chéile chun ceiliúradh a dhéanamh ar an chumas ealaíne ar leith atá sa phobal óg áitiúil.

Is ócáid bhliantúil anois é an taispeántas seo a thugann ardán don tallann iontach atá i ranganna ealaíne Choláiste Feirste. Tá píosaí ealaíne ó scoláirí A-Leibhéal agus GCSE ar taispeáint sa dánlann agus tá an-chaighdeán oibre le feiceáil thar réimsí éagsúla. 

Bhí Meon Eile i láthair ag seoladh an taispeántais agus labhair muid le muintir an Choláiste chun tábhacht na healaíne a phlé leo.

Beidh an taispeántas ar oscailt don phobal i nDánlann Dillon sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál go dtí an 3 Deireadh Fómhair.

Close
Close