Sheol Lise McGreevy a taispeántas ealaíne “Abandoned - Not Forgotten” i nDánlann Dillon i mBéal Feirste le déanaí. Rogha grianghraf atá ann a ghlac sí de thithe tréigthe ar fud Dhún na nGall.
D’úsáid an fóta-iriseoir na griangraif chun cultúir agus teanga na nGael a chur in iúl agus chun ceisteanna a chur faoi shochaí Chúige Uladh. Mar chontae atá suite i dtuaisceart na hÉireann ach atá go fóill sa Phoblacht, is áit ar leith í Tír Chonaill a thug comhthéacs fóirsteanach dá cuid ceisteanna agus do theachtaireacht an tsaothair.
Nuair a chonaic an cumadóir ceoil Marie-Therese Davis an taispeántas den chéad uair, spreagadh í leis an amhrán 'Celtic Voyage' a chumadh. D'úsáid sí uirlisí ceoil a bhaineann leis an traidisiún Gaelach agus le traidisiún na hAlban i gCúige Uladh, rud atá ag teacht le téama shaothar Lise.
Ag seoladh an taispeántais labhair muid le Lise McGreevy agus Marie-Therese Davis, chomh maith le Caoimhín Ó Seanáin ó Chultúrlann McAdam Ó Fiaich agus leis an oibrí óige Caoimhe Nic Cú Uladh, a bhí i láthair le páistí scoile ó Ghlór na Mona.
Beidh an taispeántas le feiceáil i nDánlann Dillon go dtí an 6ú de mhí Eanáir, sula rachaidh sé ar camcuairt go SAM agus an Ind.
Thig leat tuilleadh eolais faoin taispeántas a fáil anseo.
Léigh faoi Lise McGreevy anseo agus éist le hamhrán Marie-Therese anseo.