Taispeántas grianghraf a léiríonn stair Léana an Dúin

Tá taispeántas ar siúl i gceantar Léana an Dúin in iarthar Bhéal Feirste faoi láthair a léiríonn stair na háite trí mheán na grianghrafadóireachta.

Is é Coiste Pobail Léana an Dúin a bhfuil an taispeántas curtha le chéile acu, taispeántas ina bhfuil na céadta pictiúr de mhuintir na háite agus d'imeactaí speisialta a thit amach thar na blianta.

Agus íomhánna ann ó na 1970í suas go dtí an lá inniu, tugtar léargas ar leith ar fhorbairt an cheantair ó thaobh an spóirt, na n-ealaíon, na polaitíochta agus an ghnáthshaoil de. 

Bhuail Meon Eile le Pádraic Mac Coitir ón Choiste a rinne cur síos ar an dóigh a bhfuair siad na griangraif ar fad, agus labhair muid le Micheál Mac Giolla Easbuig ó Chontae Dhún na nGall, a labhair faoin cheangal atá idir Léana an Dúin agus a chontae féin.

Beidh an taispeántas ag bogadh go háiteanna eile thart ar an cheantar mar sin coinnigh súil ar na meáin shóisialta le tuilleadh sonraí a fháil.

Close
Close