Taispeántas Ealaíne Choláiste Feirste i Halla na Cathrach

Sheol Niall Ó Donnghaile agus Máirtín Ó Muilleoir an chéad taispeántas ealaíne de chuid Choláiste Feirste a bhí ar siúl i Halla na Cathrach ar na moillibh.

Le blianta anuas bhí taispeántas ealaíne ar siúl i gColáiste Feirste féin nó sa Chultúrlann ar Bhóthar na bhFál roimh an Nollaig, ach i mbliana socraíodh saothair na scoile a chur ar taispeáint i Halla na gCathrach, Béal Feirste, den chéad uair riamh.

Bhí píosaí ealaíne ó scoláirí A Leibhéal agus GCSE le feiceáil agus tá sé soiléir go bhfuil tallann faoi leith sna ranganna ealaíne i gColáiste Feirste.

Bhí Meon Eile i láthair ag an seoladh agus tá an chuma ar an scéal go rachaidh an ócáid seo ó neart go neart sna bliana atá le teacht.

Taispeantas Ealaíne Coláiste Feirste i Halla na gCathrach
Close
Close