Taispeántas ag Scoil an Droichid in Oirthear Bhéal Feirste

Tá taispéantas le healaíontóirí óga ó Bhunscoil an Droichid atá lonnaithe i ndeisceart Bhéal Feirste le foscailt in Skainos, oirthear na cathrach Déardaoin. Tá cáil ar Ionad Skainos siocair obair Linda Ervine i gcur chun cinn na Gaeilge ansin i measc daoine ó chúlra Aontachtach.

Tagann taispeántas scoile an Droichid sna sála ar scéala go bhfuil maoiniú suntasach faighte ag an scoil le cúrsaí oideachais a fhorbairt. Ag labhairt di ar Blas, dúirt príomhoide na scoile Fionnghuala McCotter, go mbeidh dhá aonad á thógáil do pháistí a bhfuil riachtanais ar leith acu agus gur infheistíocht sna milliúin a bheas i gceist. Tá Bunscoil an Droichid ag súil go mbeidh siad taobh istigh den scoil úr faoi cheann trí bliana.

Labhair Meon Eile le príomhoide na scoile, Fionnghuala McCotter faoin taispéantas úr agus faoi staid na scoile…

Scoil an Droichid
Close
Close