Tá na Bopóga ar ais!

Tá na Bopóga ar ais i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Achan Satharn le linn mhí Feabhra bíonn Tríona Ní Bhrádaigh i mbun ceoil, damhsa agus scéaltaíochta do pháistí óga agus a dtuismitheoirí. Tugann an rang seo deis spraoi do na teaghlaigh agus cuidíonn sé le forbairt oideachasúil na bpáistí.

Labhair Meon Eile le Tríona féin faoi na buntáistí atá ag rang den chineál seo do pháistí beaga, maidir leis an Ghaeilge a shealbhú agus blaiseadh a fháil de na healaíona fríd an phéinteáil, an scéalaíocht agus an phuipéadóireacht, i measc nithe eile.

Tá tuilleadh eolais faoi na Bopóga le fáil anseo: https://www.culturlann.ie/en/whats-on/2022/february/na-bop%C3%B3ga

Close
Close