Lumiere ar ais i mbun ceoil

Tá Lumiere - is é sin an bheirt amhránaithe agus dlúthchairde as Contae Chiarraí, Pauline Scanlon agus Eilís Kennedy - ar ais ag ceol le chéile arís.

Le ceiliúradh a dhéanamh ar an teacht le chéile seo, eagraíodh oíche dhraíochta in Ionad Ealaíon an DuncaIrn i dtuaisceart Bhéal Feirste ar na mallaibh.

Bhí atmaisféar álainn réchúiseach le mothú thuas staighre sa Duncairn agus daoine bailithe le chéile chun éisteacht le Lumiere arís. Bhí sé ar nós seanchairde a bheith ar ais i gcuideachta a chéile agus an bheirt bhan chumasacha ar ardán, amhail is nár stop siad riamh.

D’fhreastail Meon Eile ar an cheolchoirm ghalánta agus bhí deis againn labhairt le Pauline agus Eilís ina diaidh.

Close
Close