‘Tá Bean in Éirinn’: Coirm cheoil thraidisiúnta i Scoil na Maighdine Muire, An tIúr

Tugadh cuireadh do neart iardhaltaí de chuid Scoil na Maidhghine Muire ar an Iúr ar na mallaibh teacht agus seinm ag ceolchoirm dar teideal “Tá Bean in Éirinn”.

Oíche thar a bheith sultmhar agus spreagúil a bhí ann agus bhí idir óg agus aosta ar an stáitse. Bhí an fhoireann spreagtha ag an dán “Mná na hÉireann”, a scríobh an file áitiúil Peadar Ó Doirnín san 18ú céad agus ar chuir Seán Ó Riada fonn leis cúpla céad bliain ina dhiaidh sin.

Ócáid den scoth a bhí ann a rinne ceiliúradh ar an oidhreacht cheoil thraidisiúnta thar a bheith láidir atá sa scoil, agus ar Sheachtain na Gaeilge lena chois. Bhí meascán iontach ceoltóirí i láthair: Martha Guiney, Bláithín Mhic Cana, Síomha Gribben, Aoife Smyth, Brenna Byrne, Colleen Savage, Méabh Smyth, Annie Smyth, Patricia McCrink, Dearbhla Bennett, Clann Uí Ruanaidh agus Grúpa Ceoil Thraidisiúnta na Scoile, Pléaráca.

Labhair Meon Eile le roinnt daoine roimh an imeacht: Róisín Morgan, Ceann Roinn na Gaeilge, Laura Begley, dalta scoile, agus Aoife Smyth, ceoltóir as Baile Mhic an Aba.

Close
Close