Ceol traidisiúnta cois cuain arís ag Belfast Tradfest 2022

I ndiaidh briseadh cúpla bliain de dheasca Covid, bhí Belfast Tradfest ar ais i mbliana. Is féile í a chuireann ceardlanna den scoth ar fáil do dhaoine ó gach cúlra, mar aon le ceolchoirmeacha le hamhránaithe agus ceoltóirí mór le rá.

Thug Meon Eile cuairt ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál an deireadh seachtaine seo caite, áit a raibh Piaras Ó Lorcáin, Zoe Conway agus John McIntyre ar ardán. Thug an damhsóir sean-nóis Edwina Guckian taispeántas ar dóigh uaithi chomh maith. Ní raibh aon easpa fíona nó beorach ann, agus bhí atmaisféar iontach ann ó thús deireadh.

Labhair muid le stiúrthóir ealaíne na féile Dónal O’Connor agus le Bean an Tí Caoimhe Ní Chathail, ar amhránaí í féin gan amhras. Labhair sí faoin bhród a mhothaigh sí leis an mhéid cumais agus cultúir a bhí le bráth ina cathair dhúchais le linn na féile.

Tá blaisín den imeacht san fhíseán thíos agus tuilleadh eolais anseo faoi Belfast Tradfest.

Close
Close