‘Stair Faoin Spéir’ - Camchuairteanna Stairiúla le Seán Fennell agus Brian Mac an tSionnaigh

Rinneadh camchuairt thart ar Ghleann an Líona ag Reilig Chathair Bhéal Feirste ar na mallaibh mar chuid den togra úr ‘Stair Faoin Spéir’ atá faoi stiúir ag an mhúinteoir bunscoile Seán Fennell agus Brian Mac an tSionnaigh ó Ionad Uíbh Eachach.

Tá cúig chamchuairt bainteach leis an togra a bhíonn ar siúl ag áiteanna agus amanna difriúla. Tá na camchuairteanna fóirsteanach d’fhoghlaimeoirí, do dhaoine atá líofa, agus do dhaoine nach bhfuil aon Ghaeilge acu. Tá Seán ag dul do na camchuairteanna le trí nó ceithre bliana anuas leis féin ach don togra seo rinneadh an cinneadh na camchuairteanna a scaradh ina ndá chuid ionas nach mbeidh sé chomh fada ná chomh trom céanna, agus nach mbeidh Seán faoi bhrú ama ag iarraidh roinnt ábhar a chlúdach.

D’fhreastail Meon Eile ar cheann de na camchuairteanna ar na mallaibh ar lá breá Domhnaigh. Chríochnaigh an chamchuairt ag Caifé Anam chun deis a thabhairt do gach duine teacht le chéile le haghaidh comhrá agus cupán tae nó caife.

Cuireann an togra seo fáilte roimh scoileanna, ranganna Gaeilge, ionaid phobail Ghaeilge agus grúpa ar bith a mbeadh suim acu foghlaim faoin stair agus tuilleadh Gaeilge a foghlaim ag an am chéanna. Is féidir fiosrú faoi chamchuairt a shocrú trí ríomhphost a sheoladh chuig Brian ag [email protected] nó Seán ag [email protected].

Close
Close