Rinneadh plé, anailís agus scagadh ar Éirí Amach na Cásca ag Scoil Gheimhridh Merriman i mbliana faoin téama ‘Ar Shráideanan Naofa Átha Cliath’.
Le beagnach leathchéad bliain, tá lucht léinn na Gaeilge ag teacht le chéile i gcuideachta an phobail le gnóthaí an tsochaí Ghaelaigh a scagadh.
Bhí Meon Eile i measc na cuideachta oíche an tseolta i mbliana. Seo mar a labhair, An Dr. Regina Uí Chollatáin, An tOllamh Máirín Nic Eoin, An Dr. Deirdre Nic Mhathúna agus An Dr. Liam Ó Dochartaigh linn faoi chomóradh, faoi chuimhne agus faoi thaifead na nGael ar Éirí Amach 1916…