'Sona do Cheird' seolta ag Doimnic Mac Giolla Bhríde

'Sona do Cheird' seolta ag Doimnic Mac Giolla Bhríde

Tá an 5ú dlúthdhiosca, Sona do Cheird, seolta ag an amhránaí sean-nóis as Gaoth Dobhair, Doimnic Mac Giolla Bhríde.

13 amhrán atá ar an albam, naoi gcinn atá tagtha ó bhailiúchán an bhailítheora chlúitigh, Énrí Ó Muirgheasa.

Bháiligh Ó Muirgheasa na céadta amhrán sean-nóis i gCúige Uladh i dtús an chéid seo caite.

Tá foinn nua curtha ag Mac Giolla Bhríde le roinnt amhrán a raibh a bhfoinn caillte.

Chaith Meon Eile tráthnóna i gcuideachta Dhoimnic in Áras Mhic Reachtain, Béal Feirste, labhair muid leis faoin albam, faoina bheith ag saothrú gairme sa sean-nós, agus chas sé roinnt amhrán ón dlúthdhiosca nua dúinn chomh maith.

Doimnic Mac Giolla Bhríde - Sona do Cheird
Close
Close