Turas siúlóide 'Slí na Gaeltachta' le Jake Mac Siacais 

Eagraíodh turas ar Shlí na Gaeltachta i mBéal Feirste an tseachtain seo caite i gcomhpháirt leis an togra oidhreachta, GaelStair. Is é stiúrthóir Fhorbairt Feirste, Jake Mac Siacais, a bhí ina bhun.

Is turas siúlóide 2.5 míle é Slí na Gaeltachta a thosnaíonn ar Bhóthar na Carraige agus a chríochnaíonn i lár Bhéal Feirste agus a chuireann béim ar oidhreacht agus ar stair shaibhir na Ceathrún Gaeltachta in Iarthar Bhéal Feirste. I rith na siúlóide déantar ceiliúradh ar charactair mhóra i saol na Gaeilge i mBéal Feirste ón 19ú haois ar aghaidh: ina measc Bobby Sands, Séamus Ó Conghaile, Richard Rutledge Kane agus Robert McAdam. Tá 25 phlaic ann agus cód QR orthu uilig ionas gur féidir éisteacht leis an eolas trí chluasáin. Faoi láthair, tá seo ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla ach de réir a chéile táthar ag súil go mbeidh an t-eolas ar fad aistrithe go Spáinnis, Fraincis, Iodáilis, Gearmáinis, Araibis agus Sínis.

Má tá suim agat tuilleadh a fhoghlaim faoi stair na Gaeilge sa Cheathrú Gaeltachta, is túsphointe iontach í Slí na Gaeltachta. Bíonn rudaí úra le foghlaim ag muintir na háite ar an turas siúlóide seo fosta, ní díreach turasóirí nó cuairteoirí amháin! Is féidir dul i dteagmháil le Forbairt Feirste ar 028 9043 8597.

Más fearr leat éisteacht ón bhaile áfach, is féidir éisteacht leis an turas ina iomláine anseo.

Close
Close