Slam Filíochta 2024

Bhí Cultúrlann McAdam Ó Fiaich plódaithe an tseachtain seo caite agus slua mór i láthair ag an Slam Filíochta, comórtas a bhíonn ar siúl mar chuid den fhéile Liú Lúnasa gach bliain agus a mheallann iontrálaithe ó gach cearn den tír.

Sna hocht mbliana ó bunaíodh an comórtas tá clú nach beag air agus ardchaighdeán filíochta agus cuir i láthair acu siúd a ghlacann páirt ann.

Bhí rogha dhoiligh le déanamh arís eile i mbliana ag an triúr moltóirí - Miléne Fegan, Seán Ó Muireagáin agus Máire Zepf - ach sa deireadh is í Ciara Ní É as Baile Átha Cliath a fuair an chéad áit agus an phríomhdhuais £500.

Chuaigh £300 go Cúán de Búrca don dara háit agus tháinig Colm Mac Gearailt sa tríú háit, rud a ghnóthaigh £120 dó.

Ba iad Raidió Fáilte, An Lon Dubh, Stiúideo Feirste agus BLOC TG4 a bhronn na duaiseanna airgid ar an chomórtas.

Thug Meon Eile cuairt ar an Slam agus labhair muid le triúr de na hiontrálaithe: Ciara Ní É, Cúán de Búrca, agus Gráinne Ketelaar, a fuair tagairt ar leith dá dán le linn óráidí na moltóirí. 

Is cinnte go bhfillfidh an Slam Filíochta an bhliain seo chugainn mar sin coinnigh súil amach dó in 2025!

Close
Close