Sibéal Ní Chasaide ag Tradfest 2020

D’fhreastail Meon Eile ar Tradfest 2020 i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh, áit ar labhair muid le Sibéal Ní Chasaide faoin cheolchoirm a bhí ar siúl aici sa Pepper Canister.

Labhair sí faoin tábhacht a bhaineann le sean-nós a chanadh nuair a bhí sí níos óige, agus thug sí léargas ar an mheascán stíleanna éagsúla atá le cloisteáil ar an chéad albam léi, Sibéal, ach a bhfuil ceol tradisiúnta go láidir ann i gcónaí.

Tá go leor bainte amach ag Sibéal cheana féin agus an chuma ar an scéal go mbeidh neart eile le feiceáil ón amhránaí iontach seo sa tréimhse amach romhainn.

Tá albam Shibéal ar fáil ar Spotify agus ag https://www.sibealofficial.com/

Close
Close