Seoladh 'Muireann agus na Deilfeanna'

Sheol An tSnáthaid Mhór 'Muireann agus na Deilfeanna' le déanaí, an séú leabhar sa tsraith 'Muireann'.

Is sraith í seo a fhoilsítear sa Ghaeilge, sa Bhreatnais agus sa Bhéarla ag an am céanna, agus a bhfuil leaganacha de le fáil sa Rúisis, sa Rómáinis agus sa tSínis anois fosta - rud atá oiriúnach mar gurb é inniu Lá Idirnáisiúnta na Litearthachta.

Sa leabhar is úire seo téann Muireann amach ar bhád úr s’aici agus buaileann sí le grúpa deilfeanna, agus leanann eachtra iontach amuigh ar an fharraige.

Bhí seoladh spleodrach ilghnéitheach ag An tSnáthaid Mhór, mar is dual don fhoilsitheoir, agus is mór an spraoi a baineadh as an lá.

Labhair Meon Eile le Malachy Doyle, údar na sraithe, agus le Myra Zepf, a d’aistrigh na leabhair go Gaeilge. Labhair muid chomh maith le Seán Ó Muireagáin a bhí ina fhear an tí ar an ócáid seolta.

Is féidir cóip den leabhar a fháil anseo.

Close
Close