Seoladh ‘Marbháin Thíos Fúm’ le Jake Mac Siacais

Bhailigh pobal na Gaeilge le chéile i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál ar na mallaibh chun seoladh an leabhair ‘Marbháin Thíos Fúm’ le Jake Mac Siacais a cheiliúradh.

Suitear an t-úrscéal grinn seo i mbaile bréige i gContae Chiarraí darb ainm ‘Droim na Muice’. Buaileann an léitheoir le Conchúir, John Pat agus Ned agus bíonn idir chraic agus diabhlaíocht acu agus iad ag casadh lena gcuid cairde i dtithe tábhairne éagsúla i gCiarraí.

Thug Meon Eile cuairt ar an seoladh agus labhair muid le Jake Mac Siacais a phléigh an próiseas scríbhneoireachta a bhíonn aige agus an tábhacht a bhaineann le hacmhainn grinn a bheith againn, go háirithe in Éirinn agus muid ag plé ábhair níos dairíre in amanna.

Dúirt Gearóid Ó Muilleoir, a sheol an leabhar, go bhfuil cumas ar leith ag Jake chun gnéithe den fhíorshaol a úsáid chun scéalta ficsin a scríobh.

Close
Close