Seoladh an leabhair 'Gael Linn i gCúige Uladh: Slis den Saol 1953-1970'

Bhailigh scaifte breá in Aonach Mhacha ar na mallaibh chun seoladh an leabhair ‘Gael Linn i gCúige Uladh: Slis den Saol 1953-1970’ leis an Dr Pádraig Ó Baoighill a cheiliúradh.

Bhí baint láidir ag Pádraig le Gael Linn a chur chun cinn i gCúige Uladh agus d’éirigh leis an eagraíocht a fhorbairt agus a feabhsú ar an dá thaobh den teorainn. Tá an turas iontach seo pléite sa leabhar agus dar leis go bhfuil sé níos pearsanta ná cuid mhór dá shaothar eile.

Labhair Meon Eile le Réamonn Ó Ciaráin, Antoin Delap agus Liam Ó Baoighill faoin leabhar agus faoin tábhacht a bhaineann leis an leabhar a sheoladh in Aonach Mhacha.

Close
Close