‘Ag Bun an Tuair Cheatha’ seolta

Anuraidh rinne Meon Eile físeán le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich faoi chomórtas gearrscéalta do dhaoine óga. An uair sin luaigh Bronagh Fusco go raibh sé ar intinn acu na gearrscéalta uilig a bhailiú agus a fhoilsiú i leabhar. Anois bliain amháin ina dhiaidh sin, tá an leabhar réidh agus seolta.

Is ar an chairdeas agus ar an saol s'acu le linn na dianghlasála a bhí na scéalta na ndaoine óga dírithe seolta. Fuarthas 70 gearrscéal san iomlán agus chuaigh caighdeán ard na scríbhneoireachta go mór i bhfeidhm ar na moltóirí.

'Ag Bun an Tuair Cheatha' is teideal don leabhar, a seoladh ar na mallaibh.

Labhair muid le Myra Zepf, duine de mholtóirí an chomórtais, le Sinéad Nic Colaim, oifigeach oideachais óige na Cultúrlainne, agus le roinnt de na scríbhneoirí óga a bhí ar bís lena gcuid scéalta a fheiceáil sa leabhar.

Is feidir dul anseo leis an leabhar a cheannach ón Cheathrú Póilí.

Close
Close