Seoladh an t-úrscéal ‘Sí’ le Seán Ó Muireagáin i gCathair Ard Mhacha ar na mallaibh. Is é seo an chéad úrscéal atá scríofa ag an scríbhneoir, ealaíontóir agus ceoltóir. Tá dhá leabhar gearrscéalta scríofa aige go dtí seo, ’Gáire in Éag’ agus ‘Bádh B’fhéidir’, leabhair a raibh rath orthu.
Leanann an scéal triúr ban atá lonnaithe i gceantar tuaithe, Cnoc Fola, i gcontae Dhún na nGall agus rún dorcha acu nach féidir leo a roinnt leis an phobal. De réir mar a bhogann an plota ar aghaidh, athraíonn an luas agus titeann neart eachtraí agus tubáistí amach. Tá ceisteanna casta á bplé sa scéal seo atá ábharach don lá inniu, téamaí ar nós ionsaithe ar mhná agus a ndúnmharú, agus ar an easpa tuisceana agus comhbhá maidir leis an fhadhb sa phobal mhór.
D’fhreastail Meon Eile ar an tseoladh in Aonach Mhacha an tseachtain seo caite, áit ar labhair muid le Seán féin faoin úrscéal, an spreagadh taobh thiar de agus an próiseas scríbhneoireachta a chleacht sé.
Is é Éabhlóid a d’fhoilsigh ‘Sí’ agus is féidir é a cheannach ó An Ceathrú Póilí anseo.


