Seoladh an leabhair 'Gaeilge i mo Chroí' le Mollaí Nic Céile

Seoladh leabhar dar teideal 'Gaeilge i mo Chroí' leis an tionchaire aitheanta, Mollaí Nic Céile, ar na mallaibh.

Chuir Mollaí tús le 'Gaeilge i mo Chroí' siar in 2019 mar chuntas YouTube agus Instagram mar bhealach lena grá agus lena paisean don teanga a roinnt le daoine agus chun iad a spreagadh dá réir. Cur chuige cairdiúil oscailte atá aici agus neart leantóirí lena chois.

Mhothaigh Mollaí i ndiaidh cúpla bliain go raibh sí ag iarraidh an Ghaeilge a chur chun cinn fríd mhodh eile agus cur leis an obair a dhéanann sí ar na meáin shóisialta. Sin mar a d'fhás coincheap an leabhair, a seoladh i gCultúrlann Uí Chanáin, Doire, i measc a teaghlaigh, a cairde agus a lucht tacaíochta.

Tá nasc ar leith ag Mollaí le Doire nó is ann a chuaigh sí ar choláiste agus tá go leor daoine muinteartha léi lonnaithe sa chathair.

An sprioc leis an leabhar ná tuilleadh daoine a mhealladh i dtreo na Gaeilge. Bíonn sé éasca dearmad a dhéanamh ar an cheangal domhan atá agat lenár dteanga ghalánta i ndiaidh taithí dhúshlánach a bheith agat uirthi mar ábhar scoile, cuir i gcás, agus tá Mollaí paiseanta faoin chaidreamh casta seo leis an teanga a athrú. Ní chaithfidh tú a bheith foirfe, ná líofa fiú, is féidir an Ghaeilge a fhoghlaim agus a úsáid ar bhealach ar bith a oibríonn duit féin agus a choinníonn an grá don teanga beo duitse.

Fríd roinnt seanfhocal, scéalta éagsúla, stór focal agus frásaí úsáideacha, chomh maith le léargas ar struchtúr na teanga, tugann an leabhar dearcadh fionnuar dúinn ar an dóigh ar féidir linn uilig an teanga a nascadh inár ngnáthshaol ar bhealach sultmhar.

Is é Hachette Books Ireland a d'fhoilsigh 'Gaeilge i mo Chroí’ agus tá sé ar fáil lena cheannach anseo.

Close
Close