Seoladh leabhair 'Idir an Dá Fhearsaid' le Róise Ní Bhaoill

Seoladh cnuasach úr filíochta, 'Idir an Dá Fhearsaid' le Róise Ní Bhaoill i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, Dé Sathairn.

Is é sa 'dá fhearsaid' ná an dá fhearsaid atá ag Róise í féin, is iad sin Rann na Feirste, a baile dúchais, agus Béal Feirste, a áit chónaithe le breis agus scór bliain. 

Is bailiúchán filíochta é atá lán le saibhreas teanga agus le réimse mór ábhar, mar shampla cumainn dhaonna, cúrsaí na mban, cás na dteifeach, ceist Gaza, agus an comhshaol.

D'fhreastail Meon Eile ar an seoladh agus bhí an deis againn labhairt le Róise agus leis an iriseoir aitheanta, Eoghan Ó Néill, a bhí i mbun comhrá léi ag an ócáid spéisiúil.

Éabhlóid a d'fhoilsigh an leabhar le tacaíocht airgeadais ó Fhoras na Gaeilge.

Is féidir 'Idir an Dá Fhearsaid' a cheannach anseo.

Close
Close