A céad EP seolta ag Miadhachlughain O’Donnell

Seoladh EP úrnua de chuid Miadhachlughain O’Donnell ar na mallaibh, flúiteadóir agus amhránaí as Caisleán Uidhilín, Contae an Dúin. 

‘Sásta A Bheith Anseo’ is teideal dó agus thug Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann maoiniú di chun é a chur le chéile. Bhí an deis aici dul i mbun taighde agus taistil timpeall na tíre chun amhráin sean-nóis a bhailiú, go háirithe i nGaoth Dobhair, ceantar a bhfuil traidisiúnta láidire amhránaíochta aige. 

Bhí amharclann Chultúrlann McAdam Ó Fiaich díolta amach don seoladh agus atmaisféar deas réchúiseach le mothú ó thús deireadh. Choinnigh Miadhachlughain an gáire agus an chraic ag dul tríd an oíche, idir í féin, an banna ceoil agus an lucht féachana. Bhí sé follasach go raibh an ceoltóir i measc a cairde agus muintire féin agus timpeallacht iontach compardach a bhí ann dá réir.

In éineacht le Miadhachlughain ar an stáitse, bhí dlúthchairde s’aici: Tommy Moynagh ar an bhodhrán, Miles McCormack ar an bhainseó agus Joe Campbell-McArdle ar an ghiotár. Imeacht saor an aisce a bhí ann fosta.

Bhí Miadhachlughain ag obair mar chuntóir ranga i nGaelscoil ar feadh dhá bhliain ach anois tá sí ar shiúl ag taisteal agus ag ceol le Joe. Tá an ceoltóir ag dúil le díriú isteach ar chúrsaí ceoil sna laethanta amach roimpi agus tá muid ag dúil lena fháil amach cad é an chéad rud eile a bhí ar an bacáin aici.


Close
Close