Eagrán úrnua de ‘Abair Amhrán’ ar fáil

Seoladh eagrán úrnua den leabhrán cáiliúil ‘Abair Amhrán’ ar na mallaibh, thart ar trí scór bliain ó tháinig sé amach den chéad uair.

Le linn na hócáide bríomhaire sa Chultúrlann i mBéal Feirste bhí léiriú de chuid de na hamhráin sa leabhar ag ceoltóirí óga chomh maith le cainteanna an-shuimiúil faoi stair na leabhráin.

Thug Meon Eile cuairt ar an seoladh agus labhair muid le Marcas Ó Murchú, atá ina eagarthóir ar ‘Abair Amhrán, faoi stair an leabhráin agus na gnéithe nua atá ar fáil san eagrán seo, ar nós véarsaí nua agus stair shóisialta fosta.

Labhair muid le Caoimhe Ní Chathail a chuir an seoladh i láthair, faoi na cuimhní atá aici féin de ‘Abair Amhrán’ agus í ag foghlaim na Gaeilge sna coláistí samhraidh nuair a bhí sí ag fás aníos. Labhair muid fosta le Piaras Ó Lorcáin faoin tábhacht atá ag an leabhair seo dó agus é ina cheoltóir.

Thig leat cóip den leabhrán a fháil ag an Cheathrú Póilí i mBéal Feirste, nó thig leat teaghmháil a dhéanamh le [email protected].

Close
Close