Seoladh chlár GaelStair 2025

Bhailigh slua le chéile i Spórtlann na hÉireann, Béal Feirste, Dé hAoine seo caite le clár GaelStair 2025 a sheoladh.

Cuireadh tús leis an togra GaelStair in 2024 chun cartlann d'ábhar stairiúil ó Iarthar Bhéal Feirste a bhailiú, a eagrú agus a fhorbairt. Ó shin a leith, le cuidiú ó mhic léinn Ollscoil na Banríona, tá neart grianghraf agus cáipéisí bailithe ag GaelStair ó phobal an cheantair.

Tá roinnt imeachtaí leagtha amach i gclár GaelStair 2025 a mbeidh an t-ábhar stairiúil seo in úsáid lena n-aghaidh. Beidh taispeántas ‘Mná na hAthbheochana’ ar siúl an mhí seo (13ú Márta) in PRONI. Déanfar athsheoladh aon uaire den nuachtán i mí Aibreáin agus cuirfear taispeántas faoi Bhóthar Seoighe ar siúl in Iarsmalann Uladh ag deireadh na bliana. Beidh turais agus pléanna á reáchtáil ag GaelStair le linn na bliana chomh maith.

Labhair Meon Eile le Mick Jackson, Comhordaitheoir Tionscadail GaelStair, faoin togra agus faoi chlár 2025.

Close
Close