Sheol an grúpa ceoil thraidisiúnta Tempest a gcéad albam sa Black Box i lár Bhéal Feirste Dé Sathairn, agus bhí an áit lán go doras lena lucht tacaíochta.
Ceathrar ceoltóirí den scoth as Cúige Uladh atá sa bhanna, mar atá Blaithín Mhic Cana, Brendan Mulholland, Aaron O’Hagan agus Luke Ward. Cluintear oidhreacht shaibhir agus ardchumas ceoil ar gach amhrán agus fonn ar an albam seo, idir 'Poirt Oirialla', 'Úirchill An Chreagáin', 'Hector the Hero' agus 'Seachrán Charn tSiail'.
D'fhreastail Meon Eile ar an ghig ghalánta agus bhí an deis againn labhairt le Blaithín agus le Luke sula ndeachaigh siad ar ardán.
Beidh Tempest ar an bhóthar leis an albam a sheoladh timpeall Chúige Uladh. Beidh siad sa Spirit Store i nDún Dealgan oíche amárach agus i Machaire Rátha, Muineachán agus An Cabhán ina dhiaidh sin.
Is féidir ticéid a fháil do na ceolchoirmeacha agus an t-albam nua a cheannach ar a suíomh idirlín anseo.