Seoladh albam nua IMLÉ ag Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste

I mbliana tá Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste ag ceiliúradh 60 bliain ar an fhód.

Mar chuid den Fhéile i mbliana, bhí seoladh albaim ag IMLÉ i gCumann Cultúrtha Mhic Reachtain oíche Dé hAoine seo caite chun ceiliúradh a dhéanamh ar an dara halbam uathu, “FÁILTE ISTEACH”, a cuireadh amach níos luaithe i mbliana.

Is é Cian MacCárthaigh as Baile Átha Cliath stiúrthóir agus léiritheoir an ghrúpa. Ar an stáitse le Cian, bhí beirt ceoltóirí eile ann a bhí páirteach san albam in éineacht leis, agus is iad sin Róisín Seoighe agus Ríona Sally Hartman. Is grúpa ar leith é IMLÉ atá ag briseadh talamh nua in earnáil an cheoil, go háirithe i gceol trí Ghaeilge. Níl eagla orthu roimh thriail a bhaint as réimse leathan seánraí: rac-cheol, ceol leictreonach, indie agus ceol damhsa.

Tá comhoibriú agus éagsúlacht sa cheol iontach tábhachtach do Chian agus is minic a bhíonn sé ag obair le han-chuid ceoltóirí difriúla timpeall na tíre agus ag baint triail as stíleanna éagsúla ceoil a mheascadh lena chéile taobh amuigh den ghnáthrud. Tá seo follasach sa dara halbam seo, tionscadal a raibh neart daoine bainteach leis. Chomh maith le Róisín agus Ríona, d’oibrigh Fergal Moloney, Dave Hingerty, Karl Odlum agus Ross Whyte ar an albam.

Bhuail Meon Eile isteach in Áras Mhic Reachtain le labhairt le Dáithí Mac Uait, an tOifigeach Ealaíon Gaeilge agus le Cian agus Róisín sula ndeachaigh siad ar an stáitse.

Beidh Féile Ealaíon Idirnáisiúnta Bhéal Feirste ar siúl ar feadh cúpla seachtain eile agus is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí atá le teacht anseo.

Close
Close