Seoladh 'Aibítir'

Seoladh 'Aibítir'
Seoladh Aibítir / Sarah de Búrca

Is déantóir priontaí í René Mullin a dhéanann sí formhór a cuid oibre i stiúideo príobháideach ar Bhóthar Ormeau i mBéal Feirste.

Placed an t-ainm atá ar an chomhlacht atá aici. Tá an-spéis ag René sa Ghaeilge agus shocraigh sí earraí Gaeilge a chur ar fáil: tuáillí, cártaí, póstaeir agus neart eile le scríbhneoireacht Ghaeilge orthu.

Thug René faoi deara nach raibh leabhar Gaeilge ar fáil do pháistí leis an aibítir mar sin chinn sí é seo a athrú.

Tá a leabhar ‘Aibítir’ anois ar fáil ar shuíomh René agus i leabharlanna timpeall na tíre.

Close
Close