'Walls Talk', seó nua damhsa Bhreandáin de Gallaí

Is damhsóir mór le rá é Breandán de Gallaí arb as Gaoth Dobhair ó dhúchas é. Tá clú agus cáil bainte amach aige in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, go háirithe mar bhall de Riverdance agus tionscadail eile.

Is cóiréagrafaí agus stiúrthóir ealaíne é leis an chompántas Ériu i mBaile Átha Cliath, agus bíonn seónna aonair ar siúl aige fosta gan amhras.

Ina measc sin tá 'Walls Talk', seó a bheidh ag tosú anocht in Ionad Ealaíon Dhún Másc i bPort Laoise agus a bheidh á chur i láthair aige in éineacht leis an amhránaí Gina Boreham.

Shuigh Meon Eile síos le Breandán sna Liffey Trust Studios, áit a raibh sé féin agus Gina i mbun cleachtaidh, agus labhair sé faoina shaol mar dhamhsóir agus ar an turas úr. Bhí sé d'ádh orainn blaisín den seó a fheiceáil - féachaigí libh san fhíseán.

Tá tuilleadh eolais faoi 'Walls Talk' le fáil anseo.

Close
Close