Tháinig idir óg agus aosta le freastal ar sheó Bealtaine Chleamairí Feirste i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich Dé Sathairn seo caite.
Bíonn seónna á reáchtáil ag Cleamairí Feirste ó cheann ceann na bliana ach go háirithe i rith na bhféilte Ceilteacha. Is ar mhiotaseolaíocht na hÉireann a bhunaítear a ndrámaí don chuid is mó, ach baineann siad úsáid as scéalta idirnáisiúnta chomh maith, amhail scéal Maui ón Nua-Shéalainn.
Bhí leagan de scéal Shéadanda agus an dóigh ar tugadh ‘Cú Chulainn’ air á léiriú acu ar an lá. Chuir siad béim ar leith ar an ghreann, ar an cheol agus ar an idirghníomhaíocht.
Bhí deis ag Meon Eile labhairt le Cormac ‘Buzz’ Ó Briain, atá ina bhall de Chleamairí Feirste, faoin seó, agus faoi thraidisiún na cleamaireachta agus an tairbhe atá le baint as sa lá atá inniu ann.