Cuireadh seó ‘GaelGÁIRÍ’ ar siúl iarnóin Dé Sathairn i dtípí Fhéile na Gealaí i Ráth Chairn, Co. na Mí.
Is grúpa fuirseoirí é GaelGÁIRÍ a bhíonn ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus a bhíonn le feiceáil ag féilte amhail Féile na Gealaí agus an Phicnic Leictreach, i dtithe tábhairne agus ag Oireachtas na Samhna.
Labhair Louisa Ní Éideáin linn maidir lena taithí féin mar bhall de GaelGÁIRÍ. Phléigh sí an seó a bhí ar siúl sa típí ar an lá, an dóigh ar thosaigh sí leis an ghrúpa, agus na gnéithe is fearr léi de bheith páirteach ann.