Sean-Nós na Fearsaide 2020

Thuirling slua breá ar Áras Mhic Reachtain i dtuaisceart Bhéal Feirste an deireadh seachtaine seo caite chun scoth na tallainne a fheiceáil ó gach cearn den tír ag an fhéile bhliaintúil ‘Sean-Nós na Fearsaide’.

Sheol Caoimhe ‘Ceol’ Ní Chathail an fhéile go hoifigiúil oíche Aoine sular chuala muid ó bhuaiteoirí an Oireachtais 2019, Máire Ní Choilm, Gearóidín Bhreathnach, Ray Mac Mánais agus Joe Ó Dónaill ina measc.

Bhí imeachtaí éagsúla ar siúl, mar a bhí taispeántais, comórtais, drámaí agus oíche airnéail.

Deireadh seachtaine beo bríomhar a bhí ann le ceiliúradh a dhéanamh ar thraidisiúin an tsean-nóis agus níl aon amhras ach go bhfuil an traidisiún ag dul ó neart go neart i gcathair Bhéal Feirste.

Close
Close