Seachtain Náisiúnta na Bácála 2024

Achan bhliain déantar ceiliúradh ar Sheachtain Náisiúnta na Bácála agus chun páirt a ghlacadh sa cheiliúradh thug Meon Eile cuairt ar bháicéir iontach as Béal Feirste, Rachel Black, a bhí i mbun bonnóga a dhéanamh.

Thosaigh Rachel ag báicéireacht le linn na paindéime agus anois tá gnó beag aici darb ainm Delicious Delights by Rachel a thosaigh sí in 2021. Labhair sí linn faoin fhás atá i ndiaidh teacht ar an ghnó agus faoi na spriocanna atá aici don todhchaí. Thug sí comhairle fosta dóibh siúd atá ag iarraidh triail a bhaint as an chaitheamh aimsire blasta seo!

Close
Close