Déantar ceiliúradh an seachtain seo ar Seachtain na Siopaí Leabhar Neamhspleácha. Bhunaigh Cumann na Díoltóirí Leabhar an fheachtas seo sa bhliain 2006 agus an aidhm atá acu ná daoine a spreagadh chun na siopaí leabhar neamhspleácha a úsáid agus tacú le díoltóirí agus údair aitiúla.
Is siopa leabhar néamhspleách é An Ceathrú Póilí, atá suite i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar Bhóthar na bhFál, Béal Feirste. Bunaíodh é sa bhliain 1983 agus tá siad ag cur leabhair ar fáil do Ghaeilgeoirí ar achan chumas ó shin i leith. Dar le Cónall Ó Corra, Stiúrthóir na Cultúrlainne, tá an caidreamh eatarthu lárnach i bhfeidhmiú na heagraíochta.
Labhair Meon Eile le hÁine Nic Gearailt leis An Cheathrú Póilí faoin dóigh ar athraigh nósanna siopadóireachta na leitheoirí thar na blianta agus faoin todhchaí atá ann do leabhair chrua sa lá atá inniu ann.