Seachtain na Gaeilge le Energia 2019 seolta!

Seoladh Seachtain na Gaeilge le Energia 2019 do na meáin in Ionad na Cé Adhmaid, Baile Átha Cliath, inné.

Tá Seachtain na Gaeilge ar cheann de na féilte is mó in Éirinn agus reáchtáiltear í ar fud na cruinne gach bliain ón 1-17 Márta. 

Is féile í a chuireann úsáid na Gaeilge agus an cultúr Gaelach chun cinn. 

Ghlac beagnach milliún duine ó thíortha éagsúla páirt san fhéile anuraidh agus tá lucht na féile ag obair i dtreo rannpháirtíocht na bliana seo caite a shárú agus tá na mílte imeacht beartaithe do Sheachtain na Gaeilge le Energia i mbliana.

Is é “Teanga gan Teorainn” ceann de na téamaí mbliana, agus é feiliúnach don cheiliúradh idirnáisiúnta teanga seo.

Is iad an láithreoir le 2FM Tracy Clifford, an peileadóir le hÁth Cliath Michael Darragh MacAuley, an t-amhránaí as Ráth Chairn Sibéal Ní Chasaide, agus an tOifigeach Forbartha Gaeilge ag Misean Oirthear Bhéal Feirste, Linda Ervine, a bheidh ina n-ambasadóirí d'fhéile na bliana seo...

Tuilleadh eolais ag www.snag.ie 

Close
Close