Scríbhneoirí 'An tUltach'

Bhí scoth na díospóireachta agus an chultúir le fáil in iarthar Bhéal Feirste an tseachtain seo caite le linn Fhéile na Carraige agus, mar chuid de sin, bhailigh triúr scríbhneoirí comhaimseartha le chéile chun léamh beo a thabhairt os comhair an phobail.

Máire Dinny Wren, Réaltán Ní Leannáin agus Seán Ó Muireagáin na scríbhneoirí a bhí i gceist agus nasc acu uilig leis an iris, An tUltach.

Labhair siad faoin cheangal atá acu féin leis an iris, an gá lena leithéid d'fhoilseachán agus an próiseas scríbhneoireachta atá acu, i gcás dánta, gearrscéalta agus úrscéalta.

Close
Close