Scoil Ruaidhrí Dall ar ais i mbun ceoil

Tá lúcháir ar mhúinteoirí agus ar dhaltaí de chuid ‘Scoil Ruaidhrí Dall’, scoil chláirsí i nDún Geimhin, Contae Dhoire, go bhfuil na ranganna ag toiseacht arís. Cuireadh stop leis na ranganna ceoil i mí an Mhárta mar gheall ar phandéim dhomhanda Covid-19. D’fhill na ceoltóirí ar ais ar na mallaibh ar an Chaisleán i nDún Geimhin den chéad uair le sé mhí anuas, rud a chuir áthas orthu ar fad.

Labhair Meon Eile le Nodlaig Ní Bhrollaigh, stiúrthóir agus bunaitheoir ‘Scoil Ruaidhrí Dall’, faoi na ranganna a bheith ag dul ar aghaidh arís. Luaigh sí go bhfuil sí iontach sásta a bheith ar ais ag teagasc i ndiaidh sé mhí gan ranganna. Chaill na ceoltóirí amach ar neart imeachtaí agus comórtas ar nós Fleadh Dhoire agus Fleadh Uladh mar gheall ar an víreas. Bhí díomá orthu mar gheall air seo a deir sí, ach bhí an deis acu páirt a ghlacadh in imeacht náisiúnta de chuid na heagraíochta ‘Cruit Éireann’.

Labhair Carra Nic an Bhaird faoi thógra de chuid ‘Cruit Éireann’ a tharla le linn na diannghlasála i mí Aibreáin fosta. Seoladh an port, ‘Planxty Power’, chuig na ceoltóirí mar fhíseán agus d’fhoghlaim siad é. Ansin bhí orthu iad féin a thaifeadadh á sheinm agus é a sheoladh ar aghaidh. Bhí os cionn 250 cláirseoir ó gach carn den tír san fhíseán deiridh, rud a chuir gliondar ar Nodlaig agus a cuid daltaí féin páirteach ann.

Chronaigh Aoife Nig Uiginn na ranganna ceoil chomh maith lena cairde sa rang agus an chraic a bhíonn acu ann. Bhí sí iontach sásta le bheith ar ais agus tá sí ag súil le níos mó port a fhoghlaim cheana féin. Is léir gur chuidigh an ceol le daltaí Scoil Ruaidhrí Dall le linn na dianghlasála agus tá siad ar fad iontach tógtha le bheith ar ais ag bualadh ceoil le chéile sa Chaisleán. Go n-éirí go geal leo!

Close
Close