Craobhchomórtas Scléip 2019

Arís eile i mbliana, bhí tallann iontach na n-iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta le feiceáil ar an ardán ag Craobhchomórtas Scléip.

Bhí beagnach 300 dalta ó achan chearn den tír san iomaíocht sna comórtais. Idir dhamhsa, chanadh agus cheol comhaimseartha, cuireadh seó den scoth ar siúl san Amharclann Clasach i gCluain Tarbh, Baile Átha Cliath.

Roghnaíodh buaiteoirí na mbabhtaí réigiúnacha roimh an Nollaig agus bhí dúshlán mór roimh na moltóirí buaiteoirí an chraobhchomórtais a phiocadh ansin an tseachtain seo a chuaigh thart.

Bhí Meon Eile i láthair agus bhuail muid le lucht eagraithe, moltóirí agus buaiteoirí Scléip 2019...

Close
Close