Sceideal Fómhair seolta ag TG4!


Sheol TG4 sceideal nua an Fhómhair i nGaillimh an tseachtain seo.

Bhí reáltaí TG4, idir láithreoirí agus aisteoirí, i láthair agus an sceideal úrnua á sheoladh go hoifigiúil.

Beidh neart spraoi agus grinn le fáil sa réimse leathan clár siamsaíochta a bheidh le feiceáil ar an stáisiún san Fhómhar le macasamhail Hector, Dáithí Ó Sé, Daniel O’Donnell agus aíonna spéisiúla eile le bheith ar scáileán.

Tá na ‘Underdogs’ ar ais tar éis bhriseadh 10 mbliana agus na peileadóirí aitheanta Paul Galvin, Valerie Mulcahy & Ray Silke ag cur neart brú agus ag cothú coimhlint ghéar idir na hiomaitheoirí díograiseacha.

Beidh tuilleadh spóirt le feiceáil ar TG4 ó chomórtas rugbaí an PRO14, na cluichí Ceannais Contae agus Craobh Clubanna AIB sa pheil agus san iomáint agus craobhchomórtas Pheil na mBan idir Corcaigh & Áth Cliath.

Tá buairt agus briseadh croí sna cláir láidre faisnéise ‘Finné’ & ‘Tabú’, á gcur i láthair ag an iriseoir aitheanta Orla O’Donnell agus an réalta raidió Eoghan McDermott araon. Pléifidh na cláir le hábhar conspóideach a bhaineann le cearta a bheith á sárú agus mórcheisteanna i sochaí na linne. 

Tugann sraitheanna ar nós ‘Bailte’, ‘Gaeil UK’, ‘Turas Bóthair’, ‘Beidh Aonach Amárach’ agus‘Bádóirí’ léargas ar shaol na ngnáthdhaoine agus ar phobail faoi leith in Éirinn agus sa Bhreatain, ar bhealach cruthaitheach siamsúil.

Tá an clár seachtainiúil cúrsaí reatha ‘7 Lá’ agus an tsraith faisnéise den scoth ‘Fíorscéal’ ar ais fosta. 

Agus mar is gnáth do TG4, beidh scoth an cheoil againn arís sna cláir ‘Gradaim Cheoil TG4’, ‘Tradfest’, ‘Lurgan 2K18’, ‘Junior Eurovision’ mar aon le togha an cheoil tíre in ‘Opry le Daniel’, ‘Glór Tíre’ agus ó na ‘Irish Post Country Music Awards’ a bheidh ag teacht beo ó Fhóram na Mílaoise i nDoire, an 11 Meán Fómhair.

Labhair Alan Esslemont, Príomhfheidhmeannach TG4, go paiseanta faoin fhís atá acu don stáisiún.

“Aithníonn an pobal iad féin i gcláir TG4. Cláir iad a bhaineann leosan atá bunaithe orthusan. Tuigeann siad go ndéanann TG4 iarracht mór an réimse is leithne clár is féidir, ar an gcaighdeán is airde, a chur ar fáil don phobal sa mbaile agus i gcéin agus sin á dhéanamh trí ‘Súil Eile’ TG4.

“Is údar bróid dúinn i mbliana na cláir bhreátha siamsaíochta agus na sraitheanna faisnéise cumhachtacha atá againn. Tá muid ag cur lenár soláthar ar na hardáin dhigiteacha an t-am ar fad agus fáil ag daoine ar ábhar TG4 ar fud na cruinne thríd an seinnteoir ag  TG4.ie nó thríd an Aip atá ar fáil mar leagan IOS,  Android nó  SmartTV.  Tá súil againn go mbainfidh níos mó daoine ná riamh sult as na cláir nua seo ar fad sna míonna atá romhainn”.

Close
Close