Scéalta Thuatha Dé Danann le Gráinne Holland

Is amhránaí is scríbhneoir, scéalaí agus taibheoir í Gráinne Holland. Eisíonn sí ceol, foilsíonn sí leabhair, cuireann sí imeachtaí scéalaíochta i láthair do pháistí agus is é an togra is déanaí atá idir lámha aici ná sraith úr podchraoltaí dar teideal ‘Scéalta Thuatha Dé Danann’. Mhaoinigh Foras na Gaeilge an comhlacht léiriúcháin Corcra Media i gcomhar léiriú na sraithe ina bpléitear miotaseolaíocht na hÉireann.

Meascán den scéalaíocht agus den cheol is é an podchraoladh seo a thugann beocht nua do scéalta ársa na hÉireann. Déantar athinsint ar thóraíocht Dhiarmada agus Gráinne sa chéad sraith seo. Nochtar scéal na beirte leannán i gcúig chlár a chuirtear i láthair as Gaeilge agus as Béarla. D’oibrigh Gráinne leis na hamhránaithe Stephen Loughran agus Joseph Campbell McArdle chun an ceol atmaisféarach a chluintear sa tsraith a chumadh.

Labhair muid le Gráinne Holland, a scríobh agus a rinne tráchtaireacht ar na scéalta, faoin phróiseas scríbhneoireachta a bhí aici, an grá atá aici do mhiotaseolaíocht na hÉireann, agus an fáth a ndearna sí an tsraith go dátheangach.

Is féidir tuilleadh eolais a aimsiú ar ‘Scéalta Thuatha Dé Danann’ anseo.

Close
Close