Scéalta na Stailceoirí Ocrais i nDráma Devlin

Scéalta na Stailceoirí Ocrais i nDráma Devlin

35 bliain ó shin inniu chuaigh cimí Poblachtánacha i mbun stailc ocrais a d’fhág lorg buan ar shaol na Sé Chontae. Deichniúr príosúnach a bhí ina dtroscadh go bhfuair siad bás leis an ocras.

I measc na deichniúir bhí Bobby Sands, Michael Devine, Kieran Doherty, Francis Hughes, Kevin Lynch, Raymond McCreesh, Patsy O’Hara, Thomas McElwee, Joe McDonnell agus Martin Hurson.

Ba é Bobby Sands an chéad duine acu a bhásaigh agus roimh a bhás toghadh é mar fheisire i dTeach na dTeachtaí. Toghadh Kieran Doherty chun na Dála agus é sa Cheis Fhada. I ndiaidh na stailceanna ocrais, tháinig borradh faoi ghluaiseacht pholaitiúil na bPoblachtánach.

Tá dráma aonair clúiteach, 1981, léirithe ag an aisteoir Tony Devlin, a insíonn scéalta na deichniúir a fuair bás. Seo léargas ar an dráma sin a bheas le feiceáil i gCumann Naomh Maitiú ar an Trá Ghearr anocht ag a 7 i.n.

1981
Close
Close